Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais

Sainmhíniú ar aidhmeanna an pholasaí

Tagann an dréachtpholasaí faoi Straitéis Teanga na Comhairle mar ar glacadh léi den chéad uair in 2018 agus a athbhreithníodh ar bhonn rialta ó shin. Is é croílár na Straitéise Teanga an gá atá le héagsúlacht a chuimsiú in uaillmhian na Comhairle go mbeadh Béal Feirste ina cathair fháilteach agus chuimsitheach d’achan duine.

Agus an Straitéis Teanga á forbairt, thug an Chomhairle aird ar oibleagáidí agus caighdeáin dlí idirnáisiúnta agus intíre. Tá Creat Teanga uileghabhálach sa Straitéis a cheadaíonn d’fhorbairt polasaithe ar leith ar:

  • An Ghaeilge
  • Ultais
  • Teangacha eile (lena n-áirítear teangacha comharthaíochta)

Ag obair i gcomhthéacs na gcreat teangeolaíoch seo, is é cuspóir an dréachtpholasaí seo ná céimeanna sonracha a chur ar fáil a leanfaidh an Chomhairle leis an Ghaeilge a chur chun cinn ina cuid oibre féin agus le tacú le pobal na gcainteoirí Gaeilge i mBéal Feirste atá ag dul i méid.

Ag teacht le haidhmeanna na Straitéise Teanga 2018 - 2023, úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a chosaint agus a fheabhsú go hinmheánach agus ar fud mhórlimistéar na Comhairle de réir na sé Threoir-Phrionsabal mar a chomhaontaigh Coiste Straitéiseach Polasaí & Acmhainní na Comhairle i Meitheamh 2022.

Is é aidhm an pholasaí seo:

  • An dearcadh ar theangacha inár gcathair a athrú le próifíl na dteangacha éagsúla a mhéadú mar aon le feasacht agus tuiscint ar chultúir, oidhreacht agus traidisiúin ghaolmhara.
  • Dul i ngleic le pobail teanga le comhdheiseanna a mhéadú agus le dea-chaidreamh sa chathair a fheabhsú agus a chosaint.
  • Cumas eagraíochtúil a fheabhsú le haghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúna na foirne agus ár gcumas teanga a fheabhsú.
  • Oibriú i gcomhpháirtíocht le daoine eile le héagsúlacht teanga a chur chun cinn ar fud na cathrach le bogadh i dtreo ár bhfís chomhroinnte maidir le fás cuimsitheach, ina mbíonn achan duine san áireamh.
  • Gníomhartha a aithint agus a chur i bhfeidhm de réir tosaíochtaí comhaontaithe le héagsúlacht teanga a chur chun cinn, a chosaint agus a fheabhsú.
  • Réitigh éifeachtúla agus éifeachtacha a bhunú atá comhréireach leis an riachtanas, inacmhainne agus intomhaiste.
Read aloud icon Read aloud