Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais

Measúnú ar thionchair

I gcomhréir leis an phróiseas EQIA, i ndiaidh di faisnéis a bhailiú faoin dréacht-Pholasaí agus orthu siúd is dócha a bheidh faoina thionchar, ní mór don Chomhairle a mheas ansin an dócha go mbeidh tionchar difreálach ar ghrúpaí i gceann amháin nó níos mó de chatagóirí Alt 75 dá nglacfaí an Polasaí, sula gcinnfear méid an tionchair dhifreálaigh sin agus an dócha go mbeidh sé díobhálach.

An uair seo, is dócha go gcuirfidh cainteoirí Gaeilge agus baill de ghrúpaí agus de phobail Éireannacha argóint chun cinn gur chóir féachaint ar an Pholasaí ar an chéad dul síos mar bheart dearfach, agus ag an am céanna aon drochthionchar a d'fhéadfadh a bheith aige orthu siúd a bhfuil dearcadh difriúil acu a laghdú. Déanfaidh an EQIA iarracht na dearcthaí iomaíocha sin a chur san áireamh.

Spreag comhairliúcháin a rinneadh roimhe seo maidir le cúrsaí teanga sa Chathair an-spéis go deo - chomh maith le deighilt shoiléir thuairime idir iad siúd ar a son agus iad siúd atá ina gcoinne. Ar a laghad ar bith, tabharfaidh an EQIA deis chomhaimseartha le tuairimí a mheas, agus cuideoidh leis an Chomhairle teacht ar chinneadh eolasach maidir leis an dea-chaidreamh agus/nó comhionannas deiseanna a chur chun cinn i láthair na huaire, agus í eolach ar na dálaí polaitiúla a bhíonn ag síorathrú go réigiúnach agus go hidirnáisiúnta.

Is tábhachtach a athdhearbhú go gcaithfear breathnú ar an Pholasaí i gcomhthéacs agus, dá réir sin, nach ionann é agus an cur i bhfeidhm nádúrtha a bhaineann le Straitéis Teanga na Comhairle féin, atá faoi réir grinnscrúdaithe rialta le blianta fada anuas.

Luíonn an polasaí go maith le dualgais, cairteacha agus treoir mhionteangacha áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus formhuinítear na gníomhartha go léir a ghabhann leis an Pholasaí sna cáipéisí éagsúla seo. Go deimhin, d'fhéadfaí a mhaíomh gur cheart don Chomhairle bogadh níos faide agus níos tapúla cheana féin leis na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta sin a chomhlíonadh.

Is tionchair dhearfacha iad seo ar an Pholasaí a nglacfaidh cuid amháin den phobal leo. Mar sin féin, i bhfianaise babhtaí comhairliúcháin níos luaithe, ní féidir neamhaird a dhéanamh ar an fhéidearthacht go gcuirfí imní in iúl maidir le timpeallacht mhaith chomhchuí a chur chun cinn ar fud na cathrach.

Cé go bhfuil go leor daoine a bhfuil Gaeilge acu den tuairim go bhfuil a húsáid neamh-chonspóideach agus neamhpholaitiúil, tá daoine ann, ó phobail Phrotastúnacha, Aontachtacha agus Dílseacha den chuid is mó, a mhaífeadh go bhfuil an Ghaeilge rópholaitiúil i gcomhthéacs Thuaisceart Éireann.

Dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé d'acmhainn ag an Pholasaí drochthionchar a imirt ar dhaoine maidir lena gcreideamh reiligiúnach, lena dtuairim pholaitiúil agus/nó lena mbunadh cine/eitneach (i.e. féiniúlacht náisiúnta) ach tá méid beacht an tionchair sin go fóill le cinneadh. Ar an dóigh, is féidir le próiseas EQIA, agus go háirithe an comhairliúchán poiblí reatha agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, cuidiú le breithniú breise a dhéanamh ar thionchair inláimhsithe agus chomhaimseartha an Pholasaí i dtéarmaí: (i) rannpháirtíocht leis an Chomhairle agus lena saoráidí agus seirbhísí éagsúla a spreagadh nó a dhíspreagadh; (ii) timpeallacht mhaith chomhchuí a chur chun cinn ar fud na cathrach; agus (iii) comhionannas deiseanna agus dea-chaidrimh a chur chun cinn i measc fostaithe, cónaitheoirí agus cuairteoirí na cathrach.

Comhionannas deiseanna

Tá sé i gceist leis an phróiseas EQIA bacainní ar rannpháirtíocht nó teipeanna i soláthar seirbhísí a réamh-mheas (i.e. comhionannas deiseanna a chur chun cinn), agus cuidiú le húdaráis phoiblí na drochthionchair sin a mhaolú chomh maith leis an dlí a chomhlíonadh. [10] Ceann de na príomhtháscairí a bhaineann le drochthionchar, mar atá aitheanta ag an Choimisiún Comhionannais, is féidir rátaí rannpháirtíochta nó glacadh níos ísle ag grúpa amháin nó níos mó a bheith i gceist.

D'fhéadfadh drochthionchar féideartha a bheith mar thoradh ar na tograí atá sa dréacht-Pholasaí d'úsáideoirí agus d'úsáideoirí féideartha áiseanna agus seirbhísí na Comhairle, agus go háirithe iad siúd ó chúlra Protastúnach, Aontachtach nó Dílseach.

Go teoiriciúil, ar a laghad, d'fhéadfaí a mhaíomh go bhféadfadh sé go mbeadh an Polasaí, comharthaíocht dhátheangach san áireamh, in ann 'fachtóir fuar' a thabhairt isteach dóibh siúd ó phobail ar leith a d'fhéadfadh rochtain ar shaoráidí agus ar sheirbhísí na Comhairle nó úsáid áiseanna agus seirbhísí na Comhairle a dhíspreagadh. Go dtí seo, áfach, níl aon fhianaise chrua ann le bunús a thabhairt leis an dearbhú sin, ach níor cheart neamhaird a dhéanamh den fhéidearthacht sin in aon socruithe monatóireachta amach anseo, agus fiosróidh an próiseas comhairliúcháin an fhéidearthacht sin a thuilleadh.

Dea-chaidreamh

Ceanglaíonn Acht 1998 ar an Chomhairle scéim a bheith aici ina sonraítear socruithe na Comhairle le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an dualgais dea-chaidrimh faoi Alt 75 (2). Ceanglaíonn sí fosta ar an Chomhairle dul i gcomhairle maidir le hábhair ar dócha go mbeidh an dualgas dea-chaidrimh ábhartha ina leith (lena n-áirítear sonraí faoi na daoine a rachfar i gcomhairle leo).

Cuireann Scéim Comhionannais na Comhairle de cheangal ar an Chomhairle treoir an Choimisiúin Chomhionannais a leanúint. Molann sé seo go n-úsáidfí EQIAanna le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag polasaí beartaithe ar an dá ghéag d'Alt 75. Aithníonn sé an t-idirspleáchas idir an dá dhualgas reachtúla, agus aithníonn sé an tosaíocht a thugtar don chéad dualgas reachtúil (ag féachaint go cuí don ghá atá le comhionannas deiseanna a chur chun cinn) thar an dara ceann (maidir lena inmhianaithe atá sé dea-chaidreamh a chur chun cinn).

Le deich mbliana anuas, tá díospóireacht ann maidir le stádas an dea-chaidrimh in Alt 75. Leag an Coiste um Riar an Cheartais (CAJ) amach ar dtús é in 2013, go hachomair, is é an dearcadh seo nach luíonn breithnithe dea-chaidrimh go cothrom le hAlt 75 agus nár cheart dóibh bonn eolais a chur faoi phlé ná faoi chinntí a bhaineann le EQIA. Ina áit sin, áitítear gur cheart go dtitfeadh fócas EQIA go heisiach ar an chéad dualgas Alt 75 (comhionannas deiseanna a chur chun cinn). Ina theannta sin, i gcás ina mbíonn tionchair dhearfacha ar phobal amháin, ba cheart aird chuí a thabhairt orthu sin mar aon le haon drochthionchair a bhaineann le togra nó polasaí.

Aithníonn an Chomhairle an tosaíocht a thugtar don dualgas comhionannais deiseanna in Alt 75 (1) agus nach bhfuil aon oibleagáid reachtúil ann EQIA a chur i gcrích i ndáil le hAlt 75 (2). I gcás ina bhféadfadh polasaí nó togra dochar a dhéanamh don dea-chaidreamh, áfach, ní féidir neamhaird a thabhairt ar an drochthionchar féideartha sin, go háirithe tharla gur dócha go mbeadh tionchar díreach nó indíreach ar an chomhionannas deiseanna a chur chun cinn, mar shampla i gcás ar lú an claonadh a bheadh ag baill pobail amháin úsáid a bhaint as saoráid nó seirbhís, nó i gcás ina mbeadh oiread de mheath ar an chaidreamh pobail go mbeadh úsáid agus/nó infhaighteacht saoráidí nó seirbhísí buailte.

Léiríonn an fhianaise atá ar fáil go dtí seo, lena n-áirítear na babhtaí comhairliúcháin a cuireadh i gcrích roimhe, go bhfuil d’acmhainn ag an Pholasaí drochthionchar a imirt ar an dea-chaidreamh pobail ar bhonn creidimh reiligiúnda, tuairim pholaitiúil, agus chomh maith leis sin b’fhéidir cine/bunús eitneach (i.e. féiniúlacht náisiúnta), agus is iad cónaitheoirí, cuairteoirí agus fostaithe ar de chúlra Protastúnach, Aontach nó Dílseach iad ba mhó a bhraithfeadh an tionchar diúltach.

Léirigh comhairliúcháin a rinneadh cheana faoi cheisteanna comhchosúla, lena n-áirítear comharthaí sráide agus comharthaí sólainne, go bhfuil an fhéidearthacht ann go bhfeicfí dóibh siúd nach dtacaíonn le húsáid teangacha seachas an Béarla go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge mar dhúshlán dá bhféiniúlacht féin.

Ina fhianaise seo, tá cosaintí sa Pholasaí a chinnteoidh go ndéanfar a fheidhmiú a sceidealú sa dóigh ‘s go mbeidh sé cothrom, réasúnta agus i gcomhréir le comhthéacs reatha na ndálaí áitiúla. Ba chóir, ach feidhmiú céimiúil a dhéanamh i bhfianaise dhéimeagrafaíocht na cathrach, tréimhse choigeartaithe a bheith ann do na pobail sin a bheadh i gcoinne an athraithe, agus ar aon dul le bearta eile sa Pholasaí, beidh siad seo faoi réir ag tréimhse chomhairliúcháin.

Conclúidí

Tá an dréacht-EQIA maidir leis an Pholasaí seo á chur ar fáil anois le haghaidh comhairliúcháin phoiblí mar Chéim 5 sa phróiseas EQIA.

Tugann an fhianaise stairiúil atá ar fáil go dtí seo, agus roimh an tréimhse chomhairliúcháin reatha seo, le fios go bhféadfaí a mheas go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag gnéithe den dréacht-Pholasaí ach go bhfuil méid an tionchair sin go fóill le cinneadh go hiomlán, agus ba cheart go mbeadh céim chomhairliúcháin an EQIA faisnéiseach ina leith sin.


[10] -Treoir Phraiticiúil maidir le Measúnú Tionchair Comhionannais, An Coimisiún Comhionannais do TÉ, 2004 (lch.22)

Read aloud icon Read aloud