Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais

Cuspóir an EQIA

Is éard atá i EQIA ná anailís chríochnúil agus chórasach ar pholasaí le méid an tionchair dhifreálaigh ar na grúpaí sna naoi gcatagóir comhionannais in Alt 75 a dhéanamh amach, agus cé acu atá an tionchar sin díobhálach nó nach bhfuil. Má chinntear go bhfuil drochthionchar ag an pholasaí ar ghrúpaí i gceann amháin nó níos mó de na naoi gcatagóir, caithfidh an Chomhairle breithniú a dhéanamh ar bhearta a bheadh in ann an drochthionchar sin a mhaolú agus bealaí malartacha le haidhmeanna polasaí a sholáthar nach mbíonn tionchar chomh díobhálach sin acu ar ghrúpaí i ngach ceann de na catagóirí ábhartha.

D’fhonn a chinneadh cé acu a bheidh nó nach mbeidh drochthionchar ag an pholasaí, is gá na daoine ar a mbeidh tionchar ag an pholasaí, a riachtanais agus a dtaithí agus na catagóirí in Alt 75 lena mbaineann siad a mheas.

An Straitéis Teanga 2018-2023

De bhreis ar a Polasaí Teanga bunaidh (2006), in 2018 ghlac an Chomhairle le Straitéis Teanga 2018 - 2023.  Ag teacht le fís fhadtéarmach na Comhairle don Chathair, agus mar atá leagtha amach i gClár Oibre do Bhéal Feirste, tá sé mar aidhm ag an Straitéis áit a chruthú ina ndéantar ceiliúradh ar éagsúlacht teanga agus ina léirítear meas uirthi, agus inar féidir leo siúd a chónaíonn agus a oibríonn i mBéal Feirste agus a thugann cuairt air a bheith ag dúil le scoth seirbhíse a fháil, agus úsáid a bhaint as cibé gnáthfhoirmeacha teanga a bhfuil siad compordach leo. Is iad aidhmeanna na straitéise:

  • aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna teanga agus cumarsáide mar chuid de thorthaí Chlár Bhéal Feirste;
  • tacar trédhearcach prionsabal a bhunú le héagsúlacht teanga sa chathair a chur chun cinn, a chosaint agus a fheabhsú;
  • próifíl na dteangacha éagsúla a mhéadú mar aon le feasacht agus tuiscint ar chultúir, oidhreacht agus traidisiúin ghaolmhara;
  • dul i bpáirt le pobail teanga chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní teanga agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn trí theangacha éagsúla a fhorbairt agus a chomhtháthú sa ghnáthshaol sibhialta;
  • feabhas a chur ar an dea-chaidreamh sa chathair trí éagsúlacht teanga a chur chun cinn agus le tábhacht na teanga i stair agus i gcultúr na cathrach a cheiliúradh;
  • tabhairt faoi oiliúint foirne agus riachtanais forbartha acmhainne maidir leis an ról atá ag éagsúlacht teanga san ionad oibre agus i soláthar seirbhísí;
  • a bheith i gcomhpháirtíocht le héagsúlacht teanga a chur chun cinn ar fud na cathrach, le bogadh i dtreo ár bhfíse comhroinnte d’fhás cuimsitheach, áit nach bhfágtar duine ar bith ar lár.

Agus an straitéis seo á glacadh, bhí aird ag an Chomhairle ar oibleagáidí agus caighdeáin dlí idirnáisiúnta agus náisiúnta (féach thíos). Bhí sé bunaithe fosta ar éilimh ar theangacha mionlaigh agus ar aiseolas ó chomhairliúchán leathan. 

Bunaithe ar an eolas seo, glacadh le cur chuige inar cuimsíodh forbairt Straitéis Teanga uileghabhálach, inar cuireadh in iúl tiomantas na Comhairle do thacú le mionteangacha agus ag an am céanna go dtig aghaidh a thabhairt go héifeachtach agus go cuí ar riachtanais éagsúla chainteoirí Gaeilge, Ultaise agus teangacha eile neamhdhúchasacha.

Bhí an Straitéis Teanga faoi réir tréimhse comhairliúcháin fhoirmiúil a mhair ó 23 Bealtaine 2017 go 18 Iúil 2017. Bhí próiseas scagtha Alt 75 ag gabháil leis an chomhairliúchán agus rinneadh an Straitéis a ‘scagadh amach’ (i.e. ní raibh gá le EQIA breise).

Plean Gníomhaíochta don Straitéis Teanga

Tacaíonn Plean Gníomhaíochta le Straitéis Teanga na Comhairle.

Cé gur ag an Rannóg Seirbhísí Dlí agus Cathartha atá an fhreagracht iomlán maoirseacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na tosaíochtaí faoin Phlean Gníomhaíochta, glactar leis go gcinnteoidh gach Rannóg den Chomhairle go mbeifear eolach feasach faoin Straitéis Teanga agus faoin Phlean Gníomhaíochta nuair a bheifear i mbun feidhmeanna a sheachadadh.

Sa Phlean féin tá gealltanas faoi fhorbairt a dhéanamh ar roinnt polasaithe corparáideacha seachtracha, a phléann le gach mír, agus gealltanas breise maidir le tabhairt faoi chomharthaíocht taobh istigh den Pholasaí Gaeilge.

Mar chuid den athbhreithniú, cuireadh Dréacht-Phlean 2022-2025 ar fáil le linn 2023 ó Rannóg Seirbhísí Dlí agus Cathartha na Comhairle, lena n-áirítear cúig mhír na teanga atá sa Straitéis:

  • Gaeilge
  • Ultais
  • Pobail Mhionlaigh Eitneacha
  • Teangacha Comharthaíochta (Teanga Chomharthaíochta na Breataine agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann)
  • Modhanna Cumarsáide do Dhaoine faoi Mhíchumas

Aithníonn an Plean Gníomhaíochta reatha tosaíochtaí láithreacha agus spriocanna fadtéarmacha araon chun uaillmhianta na Straitéise Teanga a bhaint amach.

Clúdaíonn an Plean Gníomhaíochta reatha cúig phríomhréimse oibre:

  1. Rochtain ar Sheirbhísí na Comhairle
  2. Brandáil
  3. Pobal, Oideachas agus Gnó
  4. Feasacht agus Oiliúint na Foirne
  5. Rannpháirtíocht

Rinneadh comhairliúchán poiblí ar an Dréachtphlean Gníomhaíochta idir 16 Deireadh Fómhair 2023 agus 22 Eanáir 2024 (féach thíos). Léirigh sé seo tacaíocht fhorleathan don straitéis uileghabhálach agus ag an am céanna leagadh béim ar an ngá atá le polasaithe ar leith a fhorbairt le dul i ngleic le riachtanais gach snáithe teanga, agus an Ghaeilge san áireamh (féach thíos). Tá cóip den tuarascáil chomhairliúcháin iomlán ar fáil ag an nasc thíos faoi Mhír Uimhir 8 den Chlár: Agenda for Strategic Policy and Resources Committee Dé hAoine an 19 Aibreán, 9.30r.n. (belfastcity.gov.uk).

Ba é an toradh a bhí ar an chomhairliúchán ná raon leasuithe ar an Phlean a cuireadh faoi bhráid an Choiste SP&R ina dhiaidh sin ar an 19 Aibreán, 2024. Cé go raibh comhaontú ginearálta ann i dtaca leis an Phlean athbhreithnithe, mhol na baill roinnt eile a chur leis. I ndiaidh plé a dhéanamh, mhol an Grúpa Oibre go n-aontódh an Coiste SP&R an Dréachtphlean Gníomhaíochta um Straitéis Teanga leasaithe, faoi réir a dhaingnithe ag cruinniú iomlán na Comhairle ar 3 Meitheamh 2024.

Mar sin is é an dréacht-Pholasaí seo an chéad cheann de shraith polasaithe a fhéachfaidh le huaillmhianta na Straitéise Teanga a bhaint amach.

An Dréacht-Pholasaí Gaeilge

Aithnítear sa Dréacht-Pholasaí Gaeilge go bhfuil an Ghaeilge mar chuid de shaibhreas agus d’oidhreacht chultúrtha chomhroinnte achan duine a chónaíonn i mBéal Feirste agus go bhfuil sí mar chéad teanga ag pobal saoránach atá ag fás. 

Ráiteas Polasaí

Féachann an Polasaí lena chinntiú go bhfaighidh duine a iarrann seirbhís ón Chomhairle trí mheán na Gaeilge an caighdeán céanna seirbhíse agus a gheobhadh sé dá n-iarrfadh siad seirbhís i mBéarla, agus go gcuirfear in iúl dóibh go bhfuil seirbhísí Gaeilge ar fáil agus iad ag plé leis an Chomhairle den chéad uair.

Cumarsáid

Faoin Dréachtpholasaí, agus ar aon dul leis na gealltanais seo, tá an Chomhairle tiomanta do roinnt gníomhaíochtaí cumarsáide. Ina measc seo tá:

  • Liosta a fhorbairt de dhoiciméid agus de phríomhfhoilseacháin straitéiseacha na Comhairle a chuirfear ar fáil go réamhghníomhach i nGaeilge.
  • Déanfar na deich bhfoirm is mó a fheictear (ar líne agus cóip chrua) a shainaithint agus a aistriú go Gaeilge le húsáid láithreach.
  • Bileoga eolais, ábhar margaíochta agus poiblíochta a fhoilsiú go dátheangach i bhfoirm chlóite agus ar líne.
  • Cuirfear ceistneoirí comhairliúcháin, seisiúin rannpháirtíochta agus doiciméid ghaolmhara ar fáil trí mheán na Gaeilge/go dátheangach nuair a thiocfadh dó go rachadh an polasaí molta i bhfeidhm ar úsáid na Gaeilge nó ar phobal na Gaeilge.
  • Féiniúlacht chorparáideach dhátheangach nua (Gaeilge/Béarla) a ghlacadh agus an lógó dátheangach a bheith mar lógó nua, réamhghníomhach, de facto na comhairle le húsáid in achan bhrandáil chorparáideach. Beidh an leagan Béarla amháin den lógó ar fáil ach é a iarraidh.
  • Infhaighteacht lógó Gaeilge na Comhairle a chur chun cinn, úsáid sínithe corparáideacha dátheangacha Béarla/Gaeilge agus branda Cathrach Gaeilge le húsáid i gcomhfhreagras, doiciméadú, litríocht srl.
  • Seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin a sholáthar agus a chur chun cinn ar fud na Comhairle, lena n-áirítear na socruithe maidir le húsáid na Gaeilge a chódú i gcruinnithe na Comhairle.
  • Ábhar dátheangach Béarla/Gaeilge a fhoilsiú go rialta agus go minic thar achan ardán meán sóisialta.
  • Straitéis chuimsitheach a fhorbairt ar an dóigh is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud ardáin na Comhairle, ag leagan amach spriocanna bliantúla soiléire, ag méadú go bliantúil, thart ar chéatadán na bpostálacha ar na meáin shóisialta a chuirtear amach.
  •  Suíomh idirlín feidhmiúil dátheangach (Gaeilge/Béarla) a fhorbairt agus a chothabháil ar a mbeidh leathanach ar leith Gaeilge, le heolas faoi na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Chomhairle, eolas ar ranganna ar fud na cathrach agus ar oideachas trí mheán na Gaeilge.
  • Imeachtaí Gaeilge a chur chun cinn sa chathair agus eolas a sholáthar i nGaeilge faoi imeachtaí móra atá le teacht agus seoladh aon phríomhthionscnamh straitéiseach de chuid na Comhairle.
  • Cód cúirtéise do theangacha dúchasacha a sholáthar don fhoireann agus oiliúint feasachta cultúrtha a sholáthar.

Comharthaíocht

Mar chuid de chlár leanúnach, tabharfaidh an Chomhairle tosaíocht do chomharthaíocht dhátheangach a chur suas ina cuid áiseanna go léir trí chur chuige céimnithe catagóirithe mar atá leagtha amach in Aguisín 1.

Chun críocha an Dréacht-Pholasaí, glactar leis go gcuimsíonn an téarma ‘comhartha’ gach comharthaíocht faisnéise agus treorach i saoráidí, comharthaíocht agus ainmneacha taobh amuigh d’fhoirgnimh agus chomh maith leis sin comharthaí ag saoráidí lasmuigh ar nós páirceanna agus cuibhrinn. Áirítear leis fosta taispeántais idirghníomhacha, áiseanna oideachais, bileoga eolais agus acmhainní eile.

Déanfaidh aistritheoir neamhspleách Gaeilge creidiúnaithe aistriúchán do chomharthaíocht agus beidh sé comhsheasmhach ar fud áiseanna na Comhairle, maidir le húsáid cheart foirmeacha caighdeánaithe.

Leanfar de bheith ag plé go leithleach le comharthaí sráide i nGaeilge a chur in airde faoi Pholasaí Comharthaí Sráide Détheangacha na Comhairle ar ghlacadh leis i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Freagracht

Beidh an tAturnae Cathrach agus an Príomhfheidhmeannach freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí seo. Tabharfar tuairisc ar dhul chun cinn maidir le seachadadh do Ghrúpa Oibre Straitéise Teanga na Comhairle agus don Choiste SP&R, agus táthar ag súil go nglacfaidh gach Roinn a ról i dtacú le seachadadh chuspóirí an Pholasaí seo.

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú ar an Pholasaí i ndiaidh dhá bhliain agus déanfar é a nuashonrú i bhfianaise aon treoir a thabharfaidh an rialtas láir i leith na Gaeilge, agus aon chaighdeáin dea-chleachtais arna leagan síos ag Coimisinéir Gaeilge a luaithe a cheapfar é nó í.

Read aloud icon Read aloud