Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais

Cúlra

Baineann an Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais (EQIA) le dréacht-Pholasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste (‘an Chomhairle’) agus is cur i gcrích í ar Straitéis Teanga na Comhairle mar ar glacadh léi in 2018.

Alt 75         

Tá an EQIA á déanamh de réir dhualgais reachtúla Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste (na Comhairle) faoi Alt 75 agus Sceideal 9 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998. Ceanglaíonn Alt 75 ar an Chomhairle, le linn di a feidhmeanna a chomhlíonadh i dTuaisceart Éireann, aird chuí a thabhairt ar an ghá atá le comhionannas deiseanna a chur chun cinn:

  • idir daoine a bhfuil creideamh agus tuairimí polaitíochta éagsúla acu, daoine ó chiníocha áirithe, agus daoine a bhfuil aois, stádas pósta nó claonadh gnéasach éagsúil acu
  • idir mná agus fir go ginearálta;
  • idir daoine a bhfuil míchumas acu agus daoine nach bhfuil; agus
  • idir daoine a bhfuil cleithiúnaithe acu agus daoine nach bhfuil.

Gan dochar do na hoibleagáidí sin, ceanglaítear ar an Chomhairle aird a thabhairt fosta ar a inmhianaithe atá sé dea-chaidreamh a chur chun cinn idir daoine a bhfuil creidimh éagsúla acu, daoine a bhfuil tuairimí polaitiúla éagsúla acu nó daoine ó chiníochaí áirithe.

Leagann Sceideal 9 d'Acht Thuaisceart Éireann 1998 (‘Acht 1998’) amach an nós imeachta mionsonraithe chun na dualgais seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cleachtaí scagtha a dhéanamh agus EQIAanna ar pholasaithe.

Agus EQIA á déanamh aici, tugann an Chomhairle gealltanas go leanfar an treoir a d’eisigh Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann. Molann an treoir seo gur chóir go mbeadh seacht gcéim sa phróiseas EQIA [1]:

  • Céim 1: Sainmhíniú ar aidhmeanna an pholasaí
  • Céim 2: Measúnú a dhéanamh ar shonraí agus ar thaighde atá ar fáil
  • Céim 3: An tionchar a mheas
  • Céim 4: Measúnú a dhéanamh ar bhearta maolaithe
  • Céim 5: Comhairliúchán foirméalta
  • Céim 6: Torthaí an EQIA a mheas agus a fhoilsiú
  • Céim 7: Monatóireacht ar thionchar diúltach

[1] - Treoir Phraiticiúil ar Mheasúnú Tionchair Chomhionannais, ECNI 2004

Read aloud icon Read aloud