Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais

Comhairliúchán

Tá Comhairle Cathrach Bhéal Feirste tiomanta do chomhairliúchán atá tráthúil, oscailte agus cuimsitheach agus a reáchtáiltear de réir Phrionsabail Threoracha an Choimisiúin Comhionannais. Mairfidh an próiseas comhairliúcháin maidir leis an EQIA seo ar feadh tréimhse 14 seachtaine ón Déardaoin 22 Lúnasa 2024 to dtí meánoíche Déardaoin 28 Samhain 2024.

Cuirfear gach comhairliúchán faoin Scéim Comhionannais ar an eolas go bhfuil an tuarascáil EQIA seo ar fáil agus iarrfar orthu a dtuairimí a thabhairt.

Ullmhófar preasráiteas agus eiseofar é chuig eagraíochtaí éagsúla meán chun an pobal a chur ar an eolas faoin EQIA.

Cuirfear eolas faoin EQIA ar shuíomh gréasáin na Comhairle (agus ar an ardán comhairliúcháin Your Say) agus trí bhealaí meán sóisialta cuí eile.

Cuirfear suirbhé ceistneora ar líne ar fáil don phobal agus d'fhoireann na Comhairle, mar aon le cóipeanna crua dóibh siúd nach bhfuil in ann teacht ar an ábhar go leictreonach;

Cuirfear fáilte roimh thuairimí ó aon duine a bhfuil suim acu sna moltaí, i cibé formáid a roghnófar.

Is féidir tuilleadh rannpháirtíochta leis an chomhairleoir sheachtrach do dhaoine aonair nó d'ionadaithe a shocrú ach é a iarraidh.

Beidh teagmháil duine le duine le hionadaithe ó phobail na Gaeilge lena n-áirítear Fóram Páirtithe Leasmhara Gaeilge na Comhairle.

Cuirfidh an chomhairle a Fóram Páirtithe Leasmhara Ultaise, Fóram na nImirceach, an Painéal Comhairleach um Míchumas agus Fóram Úsáideoirí na Teanga Comharthaíochta ar an eolas faoin chomhairliúchán agus cuirfidh sí seisiúin rannpháirtíochta ar fáil ach iad a iarraidh;

Socróidh agus éascóidh an Chomhairle sraith imeachtaí comhairliúcháin phoiblí a bheidh ar siúl ar líne agus in áiteanna éagsúla ar fud na Cathrach.

Ionad Dáta Sonraí
Coláiste Ollscoile Naomh Muire Déardaoin an 5 Meán Fómhair, 7 i.n. Cruinniú i mBéarla agus ateangaire ann
Ar líne Dé Céadaoin an 2 Deireadh Fómhair, 2 i.n. Cruinniú i mBéarla agus ateangaire ann
Ar líne Dé Máirt an 8 Deireadh Fómhair, 7 i.n. Cruinniú i mBéarla agus ateangaire ann
An Droichead, Br. Ormeau Dé Céadaoin an 9 Deireadh Fómhair 6 i.n. Cruinniú i mBéarla agus ateangaire ann
2 Ascaill Ríoga Dé Céadaoin an 30 Deireadh Fómhair, 4 i.n. Cruinniú i mBéarla agus ateangaire ann

Is féidir leat clárú do na himeachtaí seo ar ár n-ardán YourSay.

Cuirfear baill foirne na Comhairle ar an eolas faoin chomhairliúchán agus beidh deis acu freastal ar sheisiúin eolais agus teagmhála a chuirfear ar siúl dóibh. 

Is féidir gach doiciméad comhairliúcháin a chur ar fáil i gcóip chrua, i ríomhphost agus i bhformáidí malartacha ach iad a iarraidh.

Tá an oiread faisnéise cúlra agus is féidir curtha san áireamh sa tuarascáil seo. Má tá aon eolas ann nár cuireadh ar fáil, déanfaidh an Chomhairle gach iarracht é sin a dhéanamh ach é a iarraidh. Má bhíonn deacracht ag aon chomhairliúchán rochtain a fháil ar an fhaisnéis chúlra, breithneoidh an Chomhairle achoimrí a chur ar fáil i bhformáidí eile nó saincheisteanna a mhíniú ar bhonn duine le duine.

Ba chóir achan tuairim agus ceist maidir leis an tuarascáil seo a sheoladh chuig:

EQIA an Pholasaí Gaeilge,

An tAonad um Chomhionannas agus Ilchineálacht,
Comhairle Cathrach Bhéal Feirste,
Halla Cathrach Bhéal Feirste BT1 5GS

Uimhir ghutháin: 028 9032 0202           
Uimhir Shaorghlao: 0800 085 5412
Ríomhphost consult@belfastcity.gov.uk 

Read aloud icon Read aloud