Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais

Céimeanna breise

Ag deireadh na tréimhse comhairliúcháin, déanfar athbhreithniú ar thuarascáil EQIA leis na tuairimí go léir a fhaightear ó chomhairliúcháin a chur san áireamh. Cuirfear tuarascáil chinnidh deiridh EQIA faoi bhráid na Comhairle ansin le cuidiú leo teacht ar chinneadh maidir leis an pholasaí. Déanfar cinntí na Comhairle a ionchorprú i dtuarascáil chinnidh deiridh EQIA ina leagfar amach an breithniú a rinneadh ar thionchar polasaithe malartacha agus gníomhaíochtaí maolaitheacha. Cuirfidh sé seo Céim 6 den phróiseas EQIA i gcrích.

Cuirfear tuarascáil chinnidh deiridh EQIA ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.

Bunófar córas le faireachán a dhéanamh ar thionchar chinneadh na Comhairle leis an tionchar ar ghrúpaí ábhartha Alt 75 a fháil amach. Cuirfear sonraí iomlána an chórais faireacháin san áireamh i dtuarascáil chinnidh deiridh an EQIA.

Déanfar athbhreithniú bliantúil ar thorthaí an fhaireacháin leanúnaigh agus cuirfear san áireamh iad san athbhreithniú bliantúil ar dhul chun cinn chuig an Choimisiún Comhionannais. Cuirfidh sé seo Céim 7 den phróiseas EQIA i gcrích.

Read aloud icon Read aloud