Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais

Breithniú ar bhearta maolaithe

Tá an dréachtpholasaí agus an measúnú tionchair a ghabhann leis á chur i láthair anois le haghaidh comhairliúcháin. Éilíonn próiseas EQIA, má chinntear gur dócha go mbeidh drochthionchar ag an Pholasaí orthu siúd i gceann amháin nó níos mó de na naoi gcatagóir Alt 75, gur cheart sraith maolaithe nó roghanna malartacha a chur ar aghaidh lena mbreithniú, agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na roghanna malartacha sin.

Ní mór don Chomhairle breithniú a dhéanamh ansin ar bhearta a ghlacadh a d'fhéadfadh maolú a dhéanamh ar an drochthionchar agus/nó ar bhealaí malartacha le haidhmeanna polasaí a bhaint amach nach mbeidh tionchar chomh díobhálach céanna acu orthu siúd sa chatagóir ábhartha nó a chuireann comhionannas deiseanna agus dea-chaidreamh chun cinn ar bhealach níos fearr.

Moltar sa Treoir ón Choimisiún Comhionannais maidir leis an chuid seo gur cheart don Chomhairle breithniú a dhéanamh ar roghanna/bearta a d'fhéadfadh aon drochthionchar a mhaolú, agus ar pholasaithe malartacha a d'fhéadfadh cur chun cinn an chomhionannais deiseanna a bhaint amach ar bhealach níos fearr. Deirtear sa treoir:

'Tá breithniú na mbeart maolaithe agus na bpolasaithe malartacha i gcroílár phróiseas EQIA. Ní mór roghanna éagsúla a fhorbairt a léiríonn bealaí éagsúla le haidhmeanna an pholasaí a bhaint amach. Tá breithniú na mbeart seo fite fuaite le breithniú a dhéanamh ar pholasaithe malartacha. Is féidir le maolú a bheith i bhfoirm déine an drochthionchair a laghdú.'

'Ní mór breithniú a dhéanamh go háirithe ar bhealaí le haidhmeanna polasaí a sheachadadh nach mbíonn tionchar chomh díobhálach céanna acu ar an chatagóir comhionannais ábhartha, nó a chuireann comhionannas deiseanna chun cinn ar bhealach níos fearr don chatagóir comhionannais ábhartha. Ní mór machnamh a dhéanamh ar cibé an bhfuil gá le straitéisí forfheidhmithe ar leithligh le go mbeidh an polasaí éifeachtach don ghrúpa ábhartha.'

Tá cinneadh déanta ag an Chomhairle tuairimí a lorg maidir leis an dréachtpholasaí agus na tograí atá ann, mar aon le roghanna maolaitheacha, trí chomhairliúchán poiblí. Déanfaidh an Chomhairle na tuairimí go léir a fhaightear a thiomsú agus a anailísiú agus úsáidfear an t-aiseolas seo le bonn eolais a chur faoin leagan deiridh den Pholasaí.

Agus í ag teacht ar chinneadh, geallann an Chomhairle go bhfanfaidh sí oscailte d'aiseolas agus tá sí tiomanta do fhreagra dearfach a thabhairt ar thuairimí a chuirtear in iúl tríd an phróiseas comhairliúcháin.

Conclúidí

Ag an am seo, agus roimh aiseolas a fuarthas ón chomhairliúchán poiblí ar an EQIA, d'áiteodh an Chomhairle gur léiriú dearfach nádúrtha é an Polasaí Gaeilge ar a céad Straitéis Teanga bhunaidh agus go gcuirfidh sé aidhmeanna na Straitéise chun cinn. Ag an am seo, ní mheastar gur gá bearta maolaitheacha breise a shonrú de bhreis orthu siúd atá leagtha amach sa sceideal catagóiriú áiseanna na Comhairle (féach Aguisín 1).

Read aloud icon Read aloud