Aguisín 2: Daonra Bhéal Feirste de réir chatagóir Alt 75
Catagóir Alt 75 | Sonraí maidir le fianaise, faisnéis agus rannpháirtíocht |
---|---|
Creideamh reiligiúnach |
De réir Dhaonáireamh 2021, bhí 48.7 faoin chéad (45.7 faoin chéad) de ghnáthchónaitheoirí Bhéal Feirste ó chúlra Caitliceach i gcomparáid le 36.4 faoin chéad (43.4 faoin chéad) ó chúlra Protastúnach nó cúlra eile Críostaí, le 3.3 faoin chéad (1.5 faoin chéad) ó 'Eile' agus 11.6 faoin chéad (9.3 faoin chéad) ó 'phobal gan creideamh ar bith'. (Tagraíonn na figiúirí idir lúibíní do TÉ ina iomláine.) Léirigh sonraí ón tSuirbhé Leanúnach ar Theaghlaigh 2019-2020:
|
Tuairim pholaitiúil |
Toghcháin don Rialtas Áitiúil 18 Bealtaine 2023 – torthaí do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste:
|
Grúpa ciníoch |
Léiríonn staitisticí tíre breithe a tógadh ón daonáireamh deireanach in 2021 gur rugadh 8.6 faoin chéad de ghnáthchónaitheoirí Bhéal Feirste taobh amuigh den Ríocht Aontaithe agus d'Éirinn. Léirigh an Daonáireamh gurb iad an Pholainnis, an Araibis agus an tSínis na teangacha is coitianta a labhraítear i mBéal Feirste (seachas Béarla agus Gaeilge) |
Aois |
Tá próifíl aoise Bhéal Feirste beagáinín níos óige i gcomparáid le próifíl an réigiúin i gcoitinne. Tá 18.0 faoin chéad faoi bhun 15 bliana d'aois (beagán níos ísle ná meán Thuaisceart Éireann de 19.2 faoin chéad), tá 37.1 faoin chéad idir 15-39 bliain d'aois (i gcomparáid le 31.2 faoin chéad), 30.1 faoin chéad idir 40-64 bliana d'aois (32.4 faoin chéad do TÉ), agus 14.7 faoin chéad 65 agus os a chionn (17.2 faoin chéad). Léirigh sonraí ón tSuirbhé Leanúnach ar Theaghlaigh 2019-20:
|
Stádas pósta |
De réir Dhaonáireamh 2021, tá thart ar aon trian (33.2 faoin chéad) de na gnáthchónaitheoirí go léir i mBéal Feirste (16+ bliain d'aois) pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta – céatadán réasúnta íseal i gcomparáid le meán Thuaisceart Éireann (45.8 faoin chéad). Tá céatadán níos airde (49.8 faoin chéad) de chónaitheoirí i mBéal Feirste atá singil i gcomparáid le meán Thuaisceart Éireann (38.1 faoin chéad). Chomh maith leis sin, tá céatadán níos airde ná an meán de dhaoine i mBéal Feirste atá scartha, colscartha nó ina mbaintreacha (17.0 faoin chéad go 16.2 faoin chéad ar an meán i dTÉ). Tá 720 cónaitheoir i mBéal Feirste fosta atá i bpáirtnéireacht shibhialta chomhghnéis cláraithe, thart ar an cheathrú cuid de na comhpháirtíochtaí sin go léir i dTuaisceart Éireann (2742). Léirigh sonraí ón tSuirbhé Leanúnach ar Theaghlaigh 2019-20 dóibh siúd atá pósta/in aontíos gur mhéadaigh an céatadán a raibh eolas éigin acu ar an Ghaeilge ó 14 faoin chéad 2017/18 go 17 faoin chéad in 2019-20. Léirigh sonraí 2019-20 gur lú an seans go mbeidh eolas ar an Ghaeilge ag daoine fásta atá pósta/in aontíos (17 faoin chéad) ná iad siúd atá singil (19 faoin chéad). |
Claonadh gnéasach |
De réir Dhaonáireamh 2021, dar le 31,600 duine 16 bliana d'aois agus os a chionn (2.1 faoin chéad) gur LGB+ ('leispiach, aerach, déghnéasach nó gnéaschlaonadh eile') iad, 1.364 milliún duine (90.0 faoin chéad) mar 'díreach nó heitrighnéasach' agus níor fhreagair 119,000 (7.9 faoin chéad) an cheist nó chuir siad tic 'b'fhearr gan a rá'. Aithníodh céatadán níos airde (4.1 faoin chéad de dhaoine fásta) i mBéal Feirste mar LGB+, Tá iarracht déanta ag roinnt staidéar atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus i dTuaisceart Éireann líon na ndaoine a aithníonn mar LGB+ a chainníochtú. Tá meastacháin do dhaonra LGB idir 0.3-10 faoin chéad ag baint úsáide as foinsí éagsúla. Tá meastachán a úsáidtear go coitianta de dhaoine LGB+ sa Ríocht Aontaithe, glactha ag Stonewall UK, thart ar 5-7 faoin chéad den daonra. |
Fir agus mná i gcoitinne |
Tá céatadán beagán níos airde de mhná (51.3 faoin chéad) de na cónaitheoirí go léir i mBéal Feirste, i gcomparáid le Tuaisceart Éireann ina iomláine (50.8 faoin chéad). Léirigh sonraí ón tSuirbhé Leanúnach ar Theaghlaigh 2019-20 gur mhéadaigh céatadán na bhfear a bhfuil eolas acu ar an Ghaeilge ó 14 faoin chéad in 2017/18 go 16 faoin chéad in 2019-20 agus gur mhéadaigh céatadán na mban a raibh eolas ar an Ghaeilge ó 15 faoin chéad in 2017/18 go 18 faoin chéad in 2019-2020. Léirigh sonraí 2019-20 gur dóichí go mbeadh eolas ag fir (17 faoin chéad) ar an Ghaeilge ná ag mná (16 faoin chéad). |
Míchumas |
Léiríonn figiúirí Dhaonáireamh 2021 go bhfuil fadhb sláinte nó míchumas fadtéarmach ag os cionn aon cheathrú (26 faoin chéad) de chónaitheoirí Bhéal Feirste a théann i bhfeidhm ar a ngníomhaíochtaí laethúla. Is céatadán beagán níos airde é seo ná meán Thuaisceart Éireann (24.3 faoin chéad). Thuairiscigh os cionn aon trian de chónaitheoirí Bhéal Feirste go raibh coinníoll fadtéarmach acu (a shainmhínítear mar choinníoll a mhair, nó a mheastar a mhairfidh, 12 mhí ar a laghad). Ba iad na coinníollacha ba choitianta ná soghluaisteacht nó deaslámhacht, pian nó míchompord, giorra anála nó deacracht análaithe, agus riocht sláinte mothúchánach, síceolaíoch nó meabhrach. Bodhaire agus deacracht éisteachtaTugtar eolas sa tábla thíos faoi dhaoine a bhfuil bodhaire (nó caillteanas éisteachta páirteach), daille (nó caillteanas radhairc páirteach) agus deacracht chumarsáide eile acu. Ní chuireann Daonáireamh Thuaisceart Éireann eolas ar fáil faoi úsáideoirí teanga chomharthaíochta nó léitheoirí Braille, ach measann an Roinn Pobal (RP) go n-úsáideann thart ar 5,000 duine i dTuaisceart Éireann teanga chomharthaíochta mar an modh cumarsáide is fearr, le 3,500 ag baint úsáide as Teanga Chomharthaíochta na Breataine (BSL) agus 1,500 ag baint úsáide as Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ). I mBéal Feirste:
I dTuaisceart Éireann:
Bhunaigh RP Grúpa Comhpháirtíochta um Theanga Chomharthaíochta in 2005 a chuir treoir dea-chleachtais ar fáil maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do dhaoine Bodhra a úsáideann Teanga Chomharthaíochta na Breataine (BSL) nó Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ). Ag labhairt di sa Tionól ar an 1 Nollaig 2015, dúirt an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta gur chuidigh an Grúpa Comhpháirtíochta go mór le feabhas a chur ar shaol úsáideoirí teanga comharthaíochta agus a dteaghlaigh ach go raibh sí cinnte go raibh gá le tuilleadh mór a dhéanamh go fóill. Thug sí le fios go raibh sé soiléir ag pobal na mBodhar go dteastaíonn reachtaíocht uathu lena gcearta mar mhionlach cultúrtha agus teanga a chosaint. Dúirt an tAire go nglacfadh sí céimeanna tosaigh le dul i ngleic leis an cheist seo sula n-aistreofaí an fhreagracht chuig an Roinn Pobal in 2016. Osclaíodh dréacht-Chreat Teanga Chomharthaíochta le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ón 15 Márta 2016 go dtí an 4 Iúil 2016. Níor foilsíodh an tuarascáil chomhairliúcháin go dtí seo. |
Cleithiúnaithe |
De réir Dhaonáireamh 2021, ní raibh aon leanaí cleithiúnacha san áireamh i 40.1 faoin chéad de theaghlaigh i mBéal Feirste, i gcomparáid le 44.9 faoin chéad de theaghlaigh ar fud Thuaisceart Éireann. Tuairiscíodh i Suirbhé ar Chónaitheoirí Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste 2014 go bhfuil cleithiúnaithe nó freagrachtaí cúraim ar 32.3 faoin chéad den daonra. Léiríonn Daonáireamh 2011 go bhfuil leanaí cleithiúnacha san áireamh i 28.58 faoin chéad de theaghlaigh i mBéal Feirste, i gcomparáid le meán 33.86 faoin chéad ar fud Thuaisceart Éireann. Léirigh sonraí ón tSuirbhé Leanúnach ar Theaghlaigh 2019-20 go bhfuil eolas ag an chéatadán chéanna de dhaoine fásta nach bhfuil cleithiúnaithe acu ar an Ghaeilge ná iad siúd a bhfuil cleithiúnaithe acu (17 faoin chéad). |