Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréacht-Mheasúnacht Tionchair Chomhionannais

Comhairliúchán

Ullmhaíodh an Dréacht-Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair Chomhionannais (EQIA) go príomha chun comhairliúchán a chur i gcrích. Cuirtear fáilte roimh gach tuairim agus glacfar leo i bhformáid ar bith, agus mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin ar feadh tréimhse 14 seachtaine ón Déardaoin 22 Lúnasa 2024 to dtí meánoíche Déardaoin 28 Samhain 2024.

Le linn na tréimhse comhairliúcháin seo, déanfar cruinnithe duine le duine a thairiscint agus a reáchtáil le grúpaí pobail áitiúla, grúpaí ionadaíocha ar phobal na Gaeilge, Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, foireann na Comhairle, páirtithe leasmhara teanga agus an pobal. Cuirfimid ár bhFóram Imirceach, Painéal Comhairleach Míchumais, Fóram Úsáideoirí Teanga Chomharthaíochta agus Comhpháirtíocht na Cathrach ar an eolas faoin chomhairliúchán agus déanfaidh breithniú faoi chruinnithe breise leis na grúpaí seo má iarrtar iad.

Seol gach tuairim go:

EQIA an Pholasaí Gaeilge,
An tAonad Comhionannais agus Ilchineálachta
Comhairle Cathrach Bhéal Feirste BT1 5GS

Uimhir Ghutháin: 028 9032 0202          
Uimhir Shaorghlao: 080 0085 5412
Guthán Téacs: 028 9027 0405    
Ríomhphost: consult@belfastcity.gov.uk          

Má tá faisnéis ar bith sa tuarascáil seo nach bhfuil soiléir, nó má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil leis an Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta leis na sonraí teagmhála thuas.

Rochtain ar Fhaisnéis

Mar chuid dár dtiomantas do chomhionannas deiseanna agus dea-chaidreamh a chur chun cinn, ba mhaith linn a chinntiú go bhfuil gach duine in ann teacht ar na doiciméid a chuirimid ar fáil. déan teagmháil leis an Aonad Comhionannais agus Ilchineálachta leis na sonraí teagmhála thuas.

Sprioc do thuairimí: Meánoíche Déardaoin 28 Samhain 2024 

Read aloud icon Read aloud