Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréachtpholasaí Gaeilge

Ráiteas Polasaí

  1. Tá duine a bhíonn ag iarraidh seirbhíse trí mheán na Gaeilge ón Chomhairle i dteideal an chaighdeáin chéanna seirbhíse a gheobhadh siad dá n-iarrfadh siad seirbhís i mBéarla, agus ba chóir go gcuirfí seirbhísí Gaeilge ar fáil dóibh trí thairiscint ghníomhach ag an tús agus iad ag déileáil leis an Chomhairle.
  2. Cuirfidh an Chomhairle deireadh leis na bacainní ar úsáid na Gaeilge sa saol poiblí.
  3. Cuirfidh an Chomhairle foghlaim na Gaeilge chun cinn mar theanga bheoga nua-aimseartha
  4. Tacóidh an Chomhairle le cur chun cinn na Gaeilge trína cuid áiseanna, clár agus imeachtaí.
  5. Déanfaidh an Chomhairle gníomh diongbháilte leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint ar fud cheantar na Comhairle ina seirbhísí poiblí féin ar fad.
Read aloud icon Read aloud