Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréachtpholasaí Gaeilge

Freagracht agus Athbhreithniú

  1. Is é Aturnae na Cathrach agus an Príomhfheidhmeannach atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí seo. Déanfar dul chun cinn maidir le seachadadh an Pholasaí a thuairisciú do Mheitheal Oibre Straitéis Teanga na Comhairle agus do Choiste Straitéiseach Polasaithe agus Acmhainní. Mar sin féin, táthar ag súil go mbeidh ról ag achan Roinn Comhairle maidir le tacú le cuspóirí an Pholasaí seo a bhaint amach.
  2. Cinnteoidh bainisteoirí go nglacfar leis an Pholasaí Gaeilge agus leis an ghá atá ann an Ghaeilge a chur chun cinn ag na céimeanna is luaithe de phróiseas forbartha polasaí ar bith in áiteanna eile sa Chomhairle.
  3. Beidh Fóram Páirtithe Leasmhara Phobal Gaeilge na Comhairle, ar a mbeidh ionadaithe ó ghrúpaí Gaeilge agus páirtithe leasmhara eile ó achan chearn de Bhéal Feirste, ina pháirtí lárnach i gcur i bhfeidhm an Pholasaí seo agus na Straitéise Teanga i gcoitinne. Cuirfear tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ar fáil don Fhóram seo agus tabharfar deis aiseolas a thabhairt ar chur i bhfeidhm an pholasaí agus na Straitéise Teanga níos leithne. Beidh dlúthchaidreamh ag an Chomhairle fosta le Foras na Gaeilge agus le Coimisinéir Teanga ar bith nuair a cheapfar é nó í.

Athbhreithniú

  1. Beidh an Polasaí faoi réir athbhreithnithe i ndiaidh 2 bhliain.
  2. Déanfar athbhreithniú agus nuashonrú ar an pholasaí seo i bhfianaise aon treorach a thabharfaidh an rialtas láir i leith na Gaeilge, agus caighdeáin ar bith dea-chleachtais a leagfaidh Coimisinéir Teanga síos nuair a cheapfar é nó í.
Read aloud icon Read aloud