Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréachtpholasaí Gaeilge

Cuspóir agus Aidhm an Pholasaí

Cuspóir

  1. Is é cuspóir an Pholasaí seo soiléiriú a thabhairt ar na céimeanna sonracha trína gcuirfidh an Chomhairle an Ghaeilge chun cinn ina cuid oibre féin agus le tacú le pobal na gcainteoirí Gaeilge atá ag fás i mBéal Feirste.

Aidhm an Pholasaí

  1. Is é aidhm an Pholasaí seo go leagfaí amach ann an dóigh a gcuirfidh an Chomhairle úsáid na Gaeilge chun cinn go hinmheánach agus i mórcheantar na Comhairle de réir na ngealltanas atá leagtha amach thuas agus na céimeanna sonracha a ghlacfaidh sí leis sin a dhéanamh. Déanfaidh sí amhlaidh i gcomhréir leis na sé Phrionsabal Threoracha le hÉagsúlacht Teanga a Chur Chun Cinn, a Chosaint agus a Fheabhsú a chomhaontaigh Coiste Straitéiseach Polasaithe agus Acmhainní na Comhairle i mí an Mheithimh 2022. Is iad sin:
  • An dearcadh ar theangacha inár gcathair a athrú le próifíl teangacha éagsúla a mhéadú mar aon le feasacht agus tuiscint ar chultúir, oidhreacht agus traidisiúin a théann leo.
  • Dul i dteagmháil le pobail teanga le comhdheiseanna a mhéadú agus dea-chaidreamh a fheabhsú agus a chosaint sa chathair.
  • Feabhas a chur ar chumas eagrúcháin le dul i ngleic le riachtanais oiliúna foirne agus ár gcumas teanga a fheabhsú.
  • Oibriú i gcomhpháirtíochtaí le daoine eile le héagsúlacht teanga a chur chun cinn ar fud na cathrach le bogadh lenár bhfís chomhroinnte don fhás chuimsitheach a fhíorú, fís a chuimsíonn achan duine.
  • Gníomhartha a aithint agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe le héagsúlacht teanga a chur chun cinn, a chosaint agus a fheabhsú.
  • Réitigh éifeachtúla éifeachtacha a bhunú atá comhréireach leis an riachtanas, agus atá inacmhainne agus intomhaiste.
Read aloud icon Read aloud