Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréachtpholasaí Gaeilge

Aguisín 1

An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh ('CETRM')

Is conradh Eorpach (CETS 148) é an CETRM a glacadh i 1992 faoi choimirce Chomhairle na hEorpa le teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn san Eoraip. Tá an Ghaeilge mar chuid den Chairt, a dhaingnigh Rialtas na Ríochta Aontaithe in 2001. Chuir Rialtas na Ríochta Aontaithe an Ghaeilge ann mar cheann de thrí theanga (is í Gaeilge na hAlban agus an Bhreatnais an dá theanga eile) atá cláraithe faoi Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Shínigh Rialtas na Ríochta Aontaithe gealltanais shonracha le haghaidh bearta i réimsí lena n-áirítear oideachas, údaráis riaracháin, na meáin, cultúr, saol eacnamaíoch agus sóisialta agus malartuithe trasteorann.

Tagraíonn Airteagal 10 den CETRM go sonrach d'Údaráis Riaracháin lena n-áirítear Comhairlí Áitiúla agus leagtar amach ann na forálacha sin atá sa CETRM nach mór do chomhairlí cloí leo. Áirítear iad seo a leanas leis na hoibleagáidí faoin CETRM:

  • A chinntiú gur féidir le húsáideoirí na Gaeilge iarratais ó bhéal nó i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin;
  • Cead a thabhairt do na húdaráis riaracháin doiciméid a dhréachtú i nGaeilge;
  • An Ghaeilge a úsáid i ndíospóireachtaí ina dtionóil, gan úsáid theanga oifigiúil nó theanga oifigiúla an Stáit a chur as an áireamh, áfach;
  • Úsáid nó glacadh, más gá, i gcomhar le hainm na dteangacha oifigiúla/na dteangacha oifigiúla ar fhoirmeacha traidisiúnta agus cearta logainmneacha i nGaeilge. A chinntiú gur féidir le húsáideoirí Gaeilge iarratas ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge a chur isteach. Cead a thabhairt ainmneacha teaghlaigh a úsáid nó a ghlacadh i nGaeilge ach iad a iarraidh. Chun cloí leis na comhairlí thuas, tá dualgas orthu aistriúchán nó ateangaireacht a chur ar fáil de réir mar is gá.

Sonraítear na hoibleagáidí seo a leanas in Airteagal 12:-

  • Maidir le gníomhaíochtaí agus saoráidí cultúrtha, go háirithe leabharlanna, leabharlanna físeáin, ionaid chultúrtha, músaeim, cartlanna, acadaimh, amharclanna agus pictiúrlanna chomh maith le saothar liteartha agus léiriúcháin scannán, foirmeacha dúchasacha léirithe cultúrtha, féilte agus na tionscail chultúrtha, lena n-áirítear, inter alia, úsáid teicneolaíochtaí nua – geallann na Páirtithe, laistigh den chríoch ina n-úsáidtear na teangacha sin agus a mhéid atá na húdaráis phoiblí inniúil,  cumhacht a bheith acu nó ról a bheith acu sa réimse seo:
  • cineálacha léirithe agus tionscnaimh a bhaineann go sonrach le teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a spreagadh agus na modhanna éagsúla rochtana ar shaothair a tháirgtear sna teangacha sin a chothú;
  • a chinntiú go ndéanfaidh na comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí cultúrtha de chineálacha éagsúla a eagrú nó a thacú go cuí an t-eolas agus an úsáid a bhaineann siad as teangacha agus cultúir réigiúnacha nó mionlaigh a ionchorprú sna himeachtaí a dtugann siad fúthu nó a dtugann siad tacaíocht dóibh;
  • bearta a chur chun cinn lena chinntiú go mbeidh foireann ar fáil do na comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí cultúrtha a eagrú nó as tacú leo agus a bhfuil láneolas acu ar an teanga réigiúnach nó ar an mionteanga lena mbaineann chomh maith le teanga(cha) an chuid eile den daonra;
  • rannpháirtíocht dhíreach ionadaithe úsáideoirí teanga réigiúnach nó mionlaigh ar leith a spreagadh le háiseanna a sholáthar agus gníomhaíochtaí cultúrtha a phleanáil.

Tá an Chairt Eorpach bunaithe ar choincheap an neamh-idirdhealaithe, is é sin, ní dhéantar leithcheal ar an ghrúpa teanga tromlaigh trí ghníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm atá ceaptha leis na mionteangacha dúchasacha a chur chun cinn agus a chosaint.

"Gabhann na Páirtithe orthu féin deireadh a chur, mura bhfuil sé sin déanta acu go fóill, le haon idirdhealú, eisiamh, srian nó tosaíocht gan údar a bhaineann le húsáid teanga réigiúnaigh nó mionlaigh agus atá ceaptha cothabháil nó forbairt teanga sin a dhíspreagadh nó a chur i mbaol. Ní mheastar gur gníomh idirdhealaithe i gcoinne úsáideoirí teangacha níos forleithne é bearta speisialta a ghlacadh i bhfabhar teangacha réigiúnacha nó mionlaigh atá dírithe ar chomhionannas a chur chun cinn idir úsáideoirí na dteangacha sin agus an chuid eile den daonra nó a thugann aird chuí ar a gcoinníollacha sonracha."

Creat-Choinbhinsiún chun Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint

Murab ionann agus an Chairt Eorpach (a dhíríonn ar theangacha) díríonn Creat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa ar ghrúpaí mionlaigh teanga.  Ní leagann sé dualgas ar bith infheidhmithe go díreach ar chomhairlí áitiúla ach tá roinnt forálacha ann maidir le mionteangacha. 

Dhírigh go leor den dioscúrsa le blianta beaga anuas i leith na Gaeilge i dTuaisceart Éireann ar cheist na gceart mionlaigh agus gur grúpa mionlaigh ar leith iad cainteoirí Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Déantar tagairt ar leith sa Chreatchoinbhinsiún, a bhfuil an Ríocht Aontaithe ina sínitheoir leis, do chearta mionlach ó thaobh úsáid mionteanga de. Tá na forálacha ábhartha leagtha amach thíos:

Airteagal 10

"Gabhann na Páirtithe orthu féin a aithint go bhfuil sé de cheart ag gach duine a bhaineann le mionlach náisiúnta a theanga mhionlaigh a úsáid gan bhac, go príobháideach agus go poiblí, ó bhéal agus i scríbhinn. I limistéir ina gcónaíonn daoine ar de mhionlaigh náisiúnta iad go traidisiúnta nó i líon substaintiúil, má iarrann na daoine sin amhlaidh agus i gcás ina bhfreagraíonn iarraidh den sórt sin do fhíor-riachtanas, féachfaidh na Páirtithe lena áirithiú, a mhéid is féidir, na coinníollacha a d'fhágfadh gur féidir an mhionteanga a úsáid sa chaidreamh idir na daoine sin agus na húdaráis riaracháin."

Airteagal 11

"Gabhann na Páirtithe orthu féin a aithint go bhfuil sé de cheart ag gach duine a bhaineann le mionlach náisiúnta a shloinne nó a sloinne agus a chéadainmneacha a úsáid sa mhionteanga agus an ceart chun aitheantas oifigiúil a fháil dóibh, de réir rialacha mionsonraithe dá bhforáiltear ina gcóras dlí. Gabhann na Páirtithe orthu féin a aithint go bhfuil sé de cheart ag gach duine a bhaineann le mionlach náisiúnta comharthaí, inscríbhinní agus faisnéis eile de chineál príobháideach atá le feiceáil ag an phobal a chur ar taispeáint ina mhionteanga. I limistéir ina gcónaíonn líon suntasach daoine a bhaineann le mionlach náisiúnta go traidisiúnta, déanfaidh na Páirtithe iarracht, faoi chuimsiú a gcóras dlí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe le Stáit eile, agus a gcoinníollacha sonracha á gcur san áireamh, ainmneacha áitiúla traidisiúnta, sráidainmneacha agus tásca topagrafacha eile atá beartaithe don phobal a thaispeáint sa mhionteanga freisin nuair a bheidh éileamh leordhóthanach ar thásca den sórt sin."

Déanann an Coiste Comhairleach um an gCreatchoinbhinsiún chun Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint faireachán ar chomhlíonadh an Chreata ag náisiúin a chuir síniú leis. Ceann de na téamaí a ndéantar trácht orthu le linn a dtuairiscithe ná an dóigh a dtig le húsáid na mionteanga i gcomharthaíocht atá le feiceáil go poiblí suntas an dúchais a fhorbairt i bpobal na mionteanga.

"Tugann comharthaíocht chultúrtha agus turasóireachta ilteangach acmhainneacht shuntasach d'úsáid ainmneacha topagrafacha i mionteangacha toisc go n-úsáideann sé na teangacha agus na logainmníochtaí seo i réimse (caomhnú oidhreachta) a bhfuil meas air i ngach cuid den tsochaí, a ardaíonn feasacht ar na ranníocaíochtaí cultúrtha a dhéanann mionlaigh náisiúnta agus a bhfuil feidhm phraiticiúil aige."

An Bhulgáir, 4ú, 2020, mír 141

"Comharthaí dátheangacha nó trítheangacha a thaispeáint mar léiriú ar charachtar ilghnéitheach an réigiúin, go traidisiúnta agus faoi láthair."

An Chróit, 4ú, 2015, mír 66

"Is dearbhú do mhionlaigh náisiúnta é dátheangachas den chineál seo gurb ann daoibh, go bhfuil meas orthu agus fáilte rompu sa tsochaí”

An Laitvia, 3ú, 2018, mír 130

-"Meabhraíonn an Coiste Comhairleach an luach siombalach tábhachtach a bhaineann le comharthaí topagrafacha dátheangacha mar dhearbhú go bhfuil meas ar éagsúlacht teanga a bheith ann agus go bhfuil críoch ar leith comhroinnte ar aon dul ag grúpaí teangacha éagsúla."

An Ísiltír, 3ú, 2019, mír 116

 

“… luach suntasach siombalach don lánpháirtíocht a thagann le comharthaí dátheangacha nó trítheangacha, nó logainmneacha stairiúla a thabhairt isteach arís, don daonra mar dhearbhú ar láithreacht fhadtéarmach na mionlach náisiúnta mar chuid den tsochaí a bhfuil meas orthu agus a chuireann fáilte rompu."

An tSeoirsia, 2ú, 2015, mír 85

Léiríonn an tráchtaireacht thuas an tionchar dearfach a bhíonn ag úsáid mionteangacha ar chomharthaíocht agus ar an dóigh a dtig leis sin caidreamh agus meas an phobail a fheabhsú.

Comhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta

I snáithe a trí den Chomhaontú tá sraith gealltanas maidir le saincheisteanna eacnamaíocha, cultúrtha agus sóisialta, lena n-áirítear foráil ghinearálta a bhaineann le mionteangacha:

"Aithníonn muid go léir an tábhacht a bhaineann le meas, tuiscint agus caoinfhulaingt i leith éagsúlachta teanga a aithint, lena n-áirítear i dTuaisceart Éireann, an Ghaeilge, Ultais agus teangacha na bpobal eitneach mionlaigh éagsúla, a bhfuil siad go léir mar chuid de shaibhreas cultúrtha oileán na hÉireann.."

Gealltar sa Chomhaontú go ndéanfaidh Rialtas na Breataine gníomh diongbháilte leis an teanga a chur chun cinn, le húsáid na teanga a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus príobháideach mar a mbeidh bhfuil éileamh cuí ann agus iarracht chun deireadh a chur le srianta a chuirfeadh nó d'oibreodh in aghaidh chothú nó fhorbairt na teanga.

Comhaontú Chill Rímhinn 2006

Gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn go mbeadh Acht Gaeilge ann "bunaithe ar thaithí na Breataine Bige". Tá moill mhór curtha ar thabhairt isteach an Achta seo, ach tá gealltanas sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua 2020 reachtaíocht a rith ar son na Gaeilge.

Doiciméad Treorach Fhoras na Gaeilge - Seirbhísí Gaeilge sna comhairlí nua

I bhfianaise an athbhreithnithe ar riarachán poiblí, in 2014 d'fhoilsigh Foras na Gaeilge cáipéis treorach do na comhairlí áitiúla nua a bhaineann le dea-chleachtas i soláthar agus i gcosaint na Gaeilge. Moltar sa doiciméad na réimsí gníomhaíochta seo a leanas ionas go mbeidh comhairlí ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta:

  • Brandáil
  • Doiciméid
  • Foireann na Comhairle (iniúchadh & oiliúint agus feasacht)
  • Comhfhreagras
  • Seirbhísí do na meáin Ghaeilge
  • Na meáin shóisialta
  • Suíomhanna gréasáin na Comhairle
  • Seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta
  • Comharthaíocht
  • Tacaíocht do scoileanna
  • Tacaíocht don phobal
  • Polasaí Gaeilge a fhorbairt

An 3ú Tuarascáil Faireacháin ó Chomhairle na hEorpa maidir le cur chun feidhme na Ríochta Aontaithe ar an gCreat-Choinbhinsiún chun Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint

(Alt 147) - "Bhí drogall ar an gCoiste Comhairleach a chloisteáil go measann roinnt ionadaithe ó na húdaráis go bhfuil leithcheal á dhéanamh ar dhaoine a bhaineann leis an móramh i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge.  Níl ráitis den sórt sin ag teacht le prionsabail an Chreat-Choinbhinsiúin...  Athdhearbhaíonn sí freisin go ... cearta mionlaigh a chosnaítear faoin gCreat-Choinbhinsiún [a chur chun feidhme] ní mheasfar gur idirdhealú é i gcoinne daoine eile."

(Mír 126 & 158) - "Cuireadh in iúl don Choiste Comhairleach, i gcásanna áirithe, gur úsáideadh an gá le dea-chaidreamh a choinneáil mar údar le gan forálacha a chur i bhfeidhm i bhfabhar daoine ar de mhionlaigh iad, amhail comharthaí dátheangacha a chur in airde...  Chomh maith leis sin, tá sé deacair go bhfuil sé mar pholasaí oifigiúil teorainn a chur le comharthaí dá leithéid a chur in airde i gceantair áirithe nach gcothódh an cheist conspóidí.  Tá imní ar an gCoiste Comhairleach nach bhfuil an cur chuige seo ag teacht le spiorad an Chreat-Choinbhinsiúin... a bhfuil sé mar aidhm aige luach a chur ar úsáid mionteangacha... d'fhonn níos mó caoinfhulaingthe agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn sa tsochaí."

Coiste na Saineolaithe 5ú Tuarascáil Faireacháin maidir le Comhlíonadh na Ríochta Aontaithe le gnóthais de chuid CETRM na Ríochta Aontaithe

"I mí Iúil 2020, d'fhoilsigh COMEX a 5ú tuarascáil faireacháin a thomhaiseann comhlíonadh Rialtas na Ríochta Aontaithe lena ngealltanais don Ghaeilge faoin gCairt Eorpach um Theanga Réigiúnach nó Mionlaigh. D'fhoilsigh siad 20 moladh arbh ionann iad agus comhlíonadh na ngnóthas sin ina n-iomláine. I measc na moltaí sin, bhí moltaí ann;

h. A chinntiú gur féidir le húsáideoirí Gaeilge iarratais ó bhéal nó i scríbhinn a chur isteach i nGaeilge chuig brainsí áitiúla de chuid na n-údarás náisiúnta, údaráis Thuaisceart Éireann, údaráis áitiúla agus soláthraithe seirbhíse poiblí.

Aistriúchán comhuaineach a thabhairt isteach a éascaíonn úsáid iomlán na Gaeilge i dTionól Thuaisceart Éireann agus i gcomhairlí áitiúla.

k. Éascú a dhéanamh ar ghlacadh agus úsáid logainmneacha i nGaeilge ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha chomh maith le soláthraithe seirbhíse poiblí.

Tá formhór mór na moltaí sin go fós gan chomhlíonadh nó gan réiteach; trí pholasaí forásach Gaeilge a ghlacadh, tá deis ag an gcomhairle teacht leis na moltaí atá leagtha amach ag saineolaithe idirnáisiúnta."

Doiciméad Treorach na Roinne Pobal d'Údaráis Áitiúla maidir le cur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Mionlaigh Réigiúnacha (2016)

"Ní mheastar gur gníomh idirdhealaithe i gcoinne úsáideoirí teangacha níos forleithne é bearta speisialta a ghlacadh i bhfabhar teangacha réigiúnacha nó mionlaigh atá dírithe ar chomhionannas a chur chun cinn idir úsáideoirí na dteangacha sin agus an chuid eile den daonra nó a thugann aird chuí ar a gcoinníollacha sonracha."

An Coimisiún um Chearta an Duine - 'Cearta Teanga Mionlaigh: An Ghaeilge agus Ultais, Páipéar faisnéise ar impleachtaí na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus ionstraimí eile'

“... tá aird tarraingthe ag an gCoimisiún ar an bhfíric nach bhfuil aon "cheart (sic) ciontaithe" ag páirtí eile a bhfuil ceart á fheidhmiú aige. Is prionsabal ginearálta é seo den tsaoirse tuairimí a nochtadh (An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine -ECHR Airteagal 10, nach mór a léamh i gcomhar le hAirteagal 14 den CECD maidir le neamh-idirdhealú ar fhorais lena n-áirítear teanga). Tuigeann an Coimisiún argóintí go bhfuil 'íogaireachtaí' ann i leith na Gaeilge. Tríd is tríd, bheadh srian ar úsáid nó cur chun cinn na Gaeilge chun freastal ar 'íogaireachtaí' daoine eile ag teacht leis an tsaoirse cainte."

An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta: Tuarascáil ar Chomhairliúchán do Dhréacht-Acht na Gaeilge (2015)

"Measúnú Ar An Tionchar Ar Chomhionannas

4.4 Tugann an fhianaise atá ábalta fios gur dóichí gur Caitlicigh, náisiúnaithe, óga, gan mhíchumas, le cleithiúnaithe agus singil iad siúd a labhraíonn agus a bhfuil eolas éigin acu ar an Ghaeilge. Ní raibh difríochtaí ar bith ann maidir le hinscne agus grúpa ciníoch. Níl sonraí ar bith ar fáil maidir le gnéaschlaonadh.

4.5 Tá sé den tuairim go mbeidh tionchar dearfach ag bunú reachtaíochta Gaeilge ar chainteoirí Gaeilge agus dá bhrí sin go hindíreach ar Chaitlicigh, náisiúnaithe, daoine singile, daoine óga, daoine gan mhíchumas agus daoine a bhfuil cleithiúnaithe orthu. Dar le DCAL nach bhfuil aon tionchair idirdhealaitheacha ná díobhálacha ann.

Measúnú Ar An Tionchar Ar Dhea-Chaidreamh

4.6 Mheas RCEF go bhféadfadh tabhairt isteach Bille Gaeilge dea-chaidreamh a fheabhsú, mar go dtabharfaidh sé ardán comhionannais agus inrochtaineachta don Ghaeilge do gach cuid den phobal."

Comhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua (2020)

Thángthas ar chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua in 2020 le roinnt na cumhachta in Stormont a athbhunú. Ceann de na príomhghnéithe a bhain leis sin ná comhaontú le cosaint reachtúil don Ghaeilge a thabhairt chun cinn. Áiríodh leis seo foráil do cheapadh Coimisinéara Teanga a fhorbróidh sraith caighdeán teanga dea-chleachtais a mbeidh feidhm acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge ina gcuid seirbhísí.

Moltaí do Straitéis Ghaeilge – Tuarascáil an tSainphainéal Chomhairligh

Gealladh chomh maith sa Chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua go bhforbrófaí Straitéis Ghaeilge, seachas Acht Gaeilge. Bheadh sé mar aidhm ag an Straitéis forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint as seo go ceann fiche bliain. Chuige sin, choimisiúnaigh an Roinn Pobal Tuarascáil ón Sainphainéal Comhairleach ar Straitéis Ghaeilge mar an chéad chéim i bpróiseas forbartha polasaí.

Déantar réimse moltaí sa Tuarascáil Shainchomhairleach maidir leis an nGaeilge agus seirbhísí poiblí, lena n-áirítear:

  • Go n-achtófar reachtaíocht chuimsitheach Ghaeilge;
  • Go bhforbróidh údaráis áitiúla polasaithe agus straitéisí Gaeilge;
  • Go mbeadh cainteoirí Gaeilge ábalta leas a bhaint as seirbhísí rialtais trí mheán na Gaeilge agus gur chóir go mbeadh siad sin ar an chaighdeán chéanna leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil i mBéarla;
  • Go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí gníomh diongbháilte leis an Ghaeilge a chur chun cinn go hinmheánach ina gcuid oibre agus leis an méid seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge a uasmhéadú;
  • Go bhfuil foirmeacha atá ar fáil go poiblí ar fáil i nGaeilge;
  • Go mbeadh féiniúlacht chorparáideach dhátheangach Gaeilge/Béarla ag comhlachtaí poiblí;
  • Go mbeadh comharthaíocht dhátheangach Ghaeilge/Bhéarla ar fhoirgnimh phoiblí taobh istigh agus taobh amuigh den fhoirgneamh;
  • Go mbainfear an leas is fearr as úsáid na Gaeilge ar shuíomhanna gréasáin comhlachtaí poiblí atá os comhair an phobail;
  • Go gcuirtear príomhdhoiciméid chorparáideacha ar fáil i nGaeilge;
  • Go gcuireann an Chomhairle seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ar fáil agus go ndéantar rud ar bith a deirtear i nGaeilge i gcruinnithe a thuairisciú go cruinn i nGaeilge i dtuarascálacha agus i miontuairiscí;
  • Go dtabharfadh údaráis áitiúla aird chuí ar riachtanais chainteoirí Gaeilge agus pleananna forbartha áitiúla á bhforbairt acu;
  • Go nglacfadh údaráis áitiúla le beartais ainmnithe sráide agus bailte fearainn de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta;
  • Go dtabharfaidh údaráis áitiúla faoi thionscnaimh turasóireachta agus chultúrtha trí Ghaeilge.
Read aloud icon Read aloud