Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréachtpholasaí Gaeilge

Cumarsáid

  1. Forbróidh an Chomhairle liosta de phríomhdhoiciméid agus d'fhoilseacháin straitéiseacha na Comhairle a chuirfear ar fáil go réamhghníomhach i nGaeilge. Déanfar na 10 bhfoirm thosaigh phoiblí is coitianta (ar líne agus cóip chrua) a aithint agus a aistriú go Gaeilge lena n-úsáid láithreach. Geallann an Chomhairle bileoga eolais, ábhar margaíochta agus bolscaireachta a fhoilsiú go dátheangach i bhfoirm chlóite agus ar líne. I gcásanna ina bhfuil comhairliúcháin á reáchtáil agus ina dtiocfadh leis an ábhar tionchar a imirt ar úsáid na Gaeilge nó ar phobal na Gaeilge féin, déanfar ceistneoirí comhairliúcháin, seisiúin rannpháirtíochta agus doiciméid ghaolmhara go réamhghníomhach trí mheán na Gaeilge/go dátheangach mar chuid den tairiscint ghníomhach.
  2. Glacfaidh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le féiniúlacht chorparáideach nua dhátheangach (Gaeilge/Béarla) agus beidh an lógó dátheangach mar lógó nua réamhghníomhach, de-facto na comhairle a úsáidfear go cuimsitheach sa brandáil chorparáideach go léir. Beidh an leagan Béarla amháin den lógó ar fáil ach é a iarraidh. Bainfear úsáid as an chlófhoireann agus as an chlómhéid chéanna don dá theanga agus beidh an téacs Gaeilge chomh sofheicthe agus chomh hinléite leis an téacs Béarla. Cuirfidh an Chomhairle chun cinn infhaighteacht lógó na Comhairle Gaeilge, úsáid sínithe corparáideacha dátheangacha Béarla/Gaeilge agus beidh leagan Gaeilge de bhranda na cathrach le húsáid i gcomhfhreagras, i gcáipéisíocht, i litríocht srl.
  3. Cuirfidh an Chomhairle seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin ar fáil agus cuirfidh sí chun cinn iad ar fud na Comhairle.
  4. Déanfaidh an Chomhairle códú ar na socruithe maidir le húsáid na Gaeilge i gcruinnithe na Comhairle trí Bhuan-Orduithe na Comhairle. Ní chuirfear baill ná iad siúd a bhíonn ag labhairt leis an Chomhairle i nGaeilge faoi mhíbhuntáiste as sin a dhéanamh. Tabharfar rogha do bhaill den phobal a bheas ag labhairt leis an Chomhairle labhairt i nGaeilge leis an Chomhairle chomh luath agus a dhéanann siad teagmháil leis an Chomhairle.  
  5. Geallann an Chomhairle go bhfoilseoidh sí ábhar dátheangach Béarla / Gaeilge go rialta agus go minic ar ardáin na meán sóisialta go léir. Beidh postálacha eolais, tionscnaimh mhargaíochta, fógraí pobail / seirbhíse le fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Oibreoidh an t-oifigeach/na hoifigigh ábhartha i gcomhar leis an fhoireann mhargaíochta le straitéis chuimsitheach a fhorbairt maidir leis an dóigh is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar ardáin na Comhairle. Leagfar amach sa Straitéis spriocanna soiléire bliantúla, ag méadú go bliantúil, maidir le faoin chéad na bpostálacha meán sóisialta a dhéantar.
  6. Déanfaidh an Chomhairle suíomh gréasáin feidhmiúil dátheangach (Gaeilge/Béarla) a fhorbairt agus a chothabháil. Beidh rogha teangacha, Béarla/Gaeilge, le feiceáil ar leathanach baile na Comhairle ar dtús agus fiafrófar d’úsáideoirí faoin teanga inar mhian leo a bheith ag amharc ar an suíomh. Déanfaidh suíomh gréasáin na Comhairle leathanach Gaeilge ar leith a fhorbairt, a óstáil agus a nuashonrú go rialta, le heolas faoi na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Chomhairle, eolas faoi ranganna ar fud na cathrach agus faoin Ghaeloideachas.
  7. Cuirfidh an Chomhairle imeachtaí Gaeilge chun cinn sa chathair agus cuirfidh sí eolas ar fáil i nGaeilge faoi imeachtaí móra atá le teacht agus faoi sheoladh aon phríomhthionscnaimh straitéisigh de chuid na Comhairle.
  8. Cuirfidh an Chomhairle cód cúirtéise ar fáil don fhoireann i leith teangacha dúchasacha agus cuirfidh sí oiliúint feasacht chultúrtha ar fáil.
Read aloud icon Read aloud