Skip to main content
Published - Lúnasa 2024

Dréachtpholasaí Gaeilge

Comharthaíocht

  1. Glacfaidh an Chomhairle le cur chuige dhátheangach maidir le comharthaíocht ina cuid saoráidí go léir. Beidh roghanna pictiúrtha agus tadhlacha (Bráille) san áireamh sna comharthaí seo fosta nuair is féidir. 
  2. Mar chuid de chlár rollach, tabharfaidh an Chomhairle tús áite do chomharthaíocht dhátheangach a chur in airde ina saoráidí go léir trí chur chuige catagóirithe mar atá leagtha amach in Aguisín 2. Chun críocha an pholasaí seo leathnófar teorainneacha na Ceathrún Gaeltachta le go mbeidh Bóthar an Ghleanna agus Bóthar Seoighe san áireamh. Chun críocha an Pholasaí seo tá an Cheathrú Ghaeltachta leagtha amach sa léarscáil in Aguisín 3
  3. Chun críocha an Pholasaí seo, cuimsíonn comharthaí gach comhartha eolais agus treorach taobh istigh de shaoráidí, comharthaíocht agus ainmneacha taobh amuigh d'fhoirgnimh agus comharthaí ag saoráidí taobh amuigh ar nós páirceanna agus cuibhreann. Áirítear leis fosta taispeántais idirghníomhacha, áiseanna oideachais, bileoga eolais agus acmhainní eile.
  4. Is aistritheoir Gaeilge creidiúnaithe neamhspleách a chuirfidh an t-aistriúchán ar chomharthaíocht ar fáil agus beidh sé comhsheasmhach ar fud áiseanna na Comhairle, agus beidh aird aige ar úsáid cheart a bhaint as foirmeacha caighdeánaithe.
  5. Pléitear le comharthaí sráide a chur in airde i nGaeilge mar cheist iontu féin faoi Pholasaí na gComharthaí Sráide Dhá Theanga ar glacadh leis i mí Dheireadh Fómhair 2022.
Read aloud icon Read aloud